Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí tailliúr i dteach lá amháin agus bhí sé ag déanamh culaith éadaigh. Thánaigh bean bheag ruadh isteach agus dubhairt sí leis an táilliúr. "Tá ceird fhórstunac agath agus tá céird mí-fhórstanach agath agus tá do fhort eadar dó dhá láimh da dtugtha aire dó." D'imthigh sí amach aríst agus ní fhaca sé níos mó í.
    Thánaigh bean sídhe isteach go teach i mbárr an ghleanna seo. Fá Bhealtaine a bhí ann agus d'iarr sí iasacht pigín mine go mbeadh a cuid fhéin déanta. Thug bean an toighe an pigín mine dithe agus bhí sí an bhuidheach.
    Fá chionn míosa thánaigh sí aríst agus an mhin leithe agus dubhairt sí. " Na bíodh eagla ar bith araibh roimhe an mhin sin no sin an grainín mullaigh de arbhar Chrachain" D'imthigh sí annsin agus ní fhaca siad an bhean níos mó.
    Thánaigh madadh ruadh isteach go teach follamh lá amháin agus bhí na cearca ar an arbh. "Tá sibh ag déanamh mhur sgríste" arsa'n madadh ruadh " agus thánaigh mise isteach go ndéanfainn fhéin mo sgríste. "Thosaigh sé fhéin agus an coileach ag cómhradh agus é ag inse dón choileach agus do na cearca go rabh siothchán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Nic Dhiarmada
    Inscne
    Baineann
    Aois
    83
    Seoladh
    Corr na nGriollach, Co. Dhún na nGall