Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin ins an am a rabhtar ag déanamh poitín tháinig saighdiúirí Ard a' Rátha anois leis an Abhainn Ruaidh go dtáinig siad go Duibhinn. Bhí triúr fear ar shiubhal go teach na stilleadh ag gabhail a biotailte. Bhí fear a dtugadh siad Seamus Mac Giolla Easbuig air. Bhí sé ag gabhail fághail leath-tonna féir domhaiste. Níor mhothuigh sé gur léim fear de na saighdiúirí isteach chuige ins an áit a rabh sé ag tómhas an fhéir. Cheangail sé rópa ar an mhéid féir a bhí tomhaiste aige agus chaith sé ar a dhruim é. D'imthigh sé abhaile. Bhí mála de bhraith milte aige sa teach. Thug sé amach é agus spreidh sé é ar mhullach an toighe agus chuir sé tighe anuas ar a mhullach.
    Tháinig sé anuas as a dreimire, bheir ar chliabh agus chuaidh sé na phortaigh leis an chliabh. Nuair a fuair sé as amharc na saighdiúirí chaith sé de achan rud ach an léine ach na brístí. D'imthigh sé leis go teach stilleadh ins an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Seoladh
    An tArd Donn, Co. Dhún na nGall