Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Deireadh na bhFiann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gleann an deas agus chuir Fionn an órdóg ina bhéal agus rinne fios. Dubhairt sé go mbíodh an caislean a b'fhíor bhréaghta da bhfacthas ariamh ina sheasamh 'san ghleann seo achan oidhche agus go dtéidheadh sé síos faoi'n talamh 'san lá.
    Sheilg siad leóbhtha go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann. Ar philleadh na bhaile dóibh caidé bhí ach an sgian-ranna caillte aca. Tarraingeadh feadógai go bhfeicfidh cé rachadh a chuartú na sgine agus thuit sé ar Chonán agus ar Gholl a dhul a chuartú na sgine.
    Cuireadh ceann maide 'san teine agus iog ag na leath. D'imthigh Conán agus nuair a bhéadh leath an mhaide dóighte chaithfeadh Goll imtheacht.
    Thug Conán iarraidh ar thús ar an áit ar mharbh siad an fiadh. Chuartaigh sé an áit go maith ach ní bhfuair sé an sgian. Smaoinigh sé ar an chaislean ar labhair Fionn air an mhaidin sin agus rinne sé amach go rachadh sé síos 'na ghleanna go bhfeicfeadh sé an caislean seo. Síos leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Ó hÉaghrain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Gairm bheatha
    Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín an Duáin, Co. Dhún na nGall