Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 280
- XML “Deireadh na bhFiann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhíle indiaidh na codach eile.
Nuair a thainic ball bán ar an lá, mhusgail Clann Uí Bhaoisgne agus fuair siad a Rí ionanns a bheith marbh agus Clanna Mhóirne ar shiubhal. Dh'iarradh ar Fhionn an órdóg a chogaint go bhfeicfidh ca dteachaidh siad agus rinne sé sin.
Dubhairt Fionn go rabh siad ag tarraing ? suas ar Chonnachta agus leis an bhuaidhreadh a bhí ar Gholl go rabh sé míle indiaidh na codach eile. Dubhairt Fionn leóbhtha da ngearradh siad suas an aith-ghiorra go mbéadh siad thuas ag loch Iasg sul a dtigeadh Goll an fad sin agus nuair na rabh leis ach é fhéin go mbéadh siad ábalta aige.
Iar shiubhal leó sna fáthaibh fásaigh suas aith-ghiorra na gcnoc, agus go díreach nuair a shroich siad loch Iasg tcí siad chuca anoir Goll agus a cheann crom aige.
Leag siad air agus leag Goll ortha. Ach bhí Goll i-gcómhnuidhe láidir agus níor stad sé gur mharbh sé an tiomlán aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Ó hÉaghrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Duáin, Co. Dhún na nGall