Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Éadan Anfaidh
- XML Leathanach 337
- XML “Loch Dearg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí cómhgarach.
Bhí go maith 'sní rabh go holc. Thoisigh an chiaróg ag fás, ag fás agus
ag fás go dtí san deireadh go rabh sí na péist mhillteanach. Ní chodluigheadh
sí a'n néal ach uair ag an mheádhon lae i gcómhnuidhe agus annsin bhíodh
toirt cruaiche mónadh d'á druim suas os cionn an uisge.
Bhí beirt fear amuigh ar bád lá amháin. Caidé rinne siad ach a dhul ro dheas de'n phéist. D'fhosgail sí a craos agus shlog siar bád, fir agus deireadh. Caide chas ag fear de na fir ach miodóg agus thoisigh an bheirt aca ag gearradh beallaighe amach dóibh fhéin fríd thaoibh na péiste.
Nuair a mhaithigh an phéist an phian chuaidh sí ar mire. Aníos agus síos a'n loch léithe ag maistriughadh an uisge agus í ag cur fola amach ar a béal. Bhí néal de chubhar bhán os cionn na locha ar féad seachtmhaine agus mhair uisge na locha ag rachaidh dearg ó chuid fola na péiste go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann