Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)

Suíomh:
An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Gráinne Ní Éagrain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Éadan Anfaidh
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Oisín agus Naomh Pádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí na Fianna thíos ag greadughadh ar a chéile le súighistí agus caidé rinne ach súighiste Goill briseadh. Chuir Goll a chúl le balla agus thoisigh ag iarraidh bheith ag cur deis ar a shúighiste agus an mhuintir eile uilig ag greadughadh agus ag súighisteáil air. Fa dheireadh thiar thall fuair sé deis ar an tsúighiste agus thoisigh ar an mhuintir eile.
    "Anois," ars Naomh Pádraig le h-Oisín "athchuinge ar bith a iarrfas tú gheóbhaidh tú í." Shíl sé go n-iarrfadh Oisín go bhfuigheadh sé na bhFlaithis, ach níor iarr.
    "Sí an athchuinge a iarraim 'se," ars Oisín "Gan súighiste Ghoill briseadh a choidhche arís." Bhí an fhearg ar Naomh Pádraig leis, ach caidé an gar do a bheith ag cainnt leis?
    Chá rabh dúil ar bith ag Oisín san chailín a bhí ag Pádraig. Ní thugadh sí leath a sháith le h-ithe dó agus bhíodh an bheirt igcómhnuidhe ag spuraidheacht ar a chéile. Lá amáin, ars Oisín léithe:
    "Is minic a chonnaic mé caora caothrain níos mó na dó (bhunóg) mheascon ime; is minic a chonnaic mé duilleóg éidhin níos mó na dó bhunóig aráin; agus is minic a chonnaic mé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Éagrain
    Inscne
    Baineann