Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Colm Cille agus an Dá MhnaoiBhí Colm Cille ag siubhal amuigh lá garbh gaoitheach. Caidé rinne ach an rópa a rabh a chuid leabharthai ceangailte leis briseadh agus sgab na leabharthai soir agus siar.
Thainic bean thart agus thoisigh sí chuideadh le Colm a chuid leabharthai a cruinniughadh. Nuair a bhíodh cupla ceann cruinnighthe aici d'fhágadh sí uaithe iad agus d'imthigheadh a chruinniughadh tuilleadh. Ar philleadh dí bhíodh na cinn a bhí cruinn aici sgabtha arais arís. Chá rabh dul aici maith a dheánamh.
Thainic an dara bean an casán. Siúd 'ise fosta a chruinniughadh na leabhar. Nuair a gheibheadh sí seo cupla leabhar i gceann a chéile d'fhágadh sí uaithe iad, chuireadh cloch ina mullach agus as go bráthach léithe ar thóir na codach eile. I bhfaiteadh na súil bhí iomlán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann