Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A Athair ghrásamhail caidé'n sásamh a ghlacfas tú ar son Shíol Éabha?"
"Ní ghlacfaidh mé duais ar bith na sásamh
Tá mé réidh leóbhtha go lá'n bhráighe
Ach fuil Mhic Rí gan chin gan cháineadh
A dhórtadh ar a son sul ma bhfuighidh siad párdún."
"Gheóbhaidh tú sin a Athair, mas nídh é thig liomsa a dheánamh.Annsin sgiord plannda an aingil as Paras,
Agus chómhnuidhe sé fa dhídean Mháire,
Mar bhéadh gáth gréine ag soillsiughadh ar an ár sin
Gur iompar sí É trí ráithche go stuamdha, múinte, náireach
Go dtainic ar an Mhaighdean gur ghlac sí áit san stábla
Gan teine, gan leabaidh, gan bean ag cuartughadh,
Go bhfuair sí aon Mhac Dé ar uaigneas.Ba ghoirid 'na dhiaidh sin go rabh sí buadhartha,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Ó hÉaghrain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 88
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín an Duáin, Co. Dhún na nGall