Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhíodh sport mór ag na daoine ar bhainnis fadó. Mairfeadh sí trí lá [?] agus trí oidhche agus bhíodh an lá deireannacha comh maith leis an chéad lá. Bhíodh i bhfad níos mó sport acu, no mar bhíos ag na daoine anois.
Deanfadh na h-aithreacha agus na maithreacha an cleamhnas ar an aonaigh no ag cruinniú éigin eile. Cor uair tagadh an fear go dtí an teach agus fear eile leis. Bhíonn i gcomhnuidhe uisge beatha leo. Cor uair ní rabh fhios ag na cailíní goidé an seort fear a bhí ann do dtí lá na bainse.
Annsin bhí go leor nós ag na daoine nach mbíonn acu anois ar chor ar bith. Nuair a téigheadh lucht na bainse go dtí an teach pobail, téigheadh a gcardaí go léir leo. Nuair a bhíodh siad ag dhul amach ar an dorais chaithfeadh duine éigin na maidí briste amach in a ndiaidh. Ní rabh gluaisteán no rud ar bith acu.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall