Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuiteann oidhche shamhna gach bhliadhain ar an 31adh dé mhí Deireadh Foghmhair. Sean fhéile paganach iseadh é. An oidhche seo bíonn féasta mór ag gach duine. Ins an t-sean am bíodh arán preataí agus brughtín deanta ag gach duine. In áit tae a bheith acu ins a tráthnóna bhéadh brughtín acu agus bhéadh an t-arán preataí acu ag an fheasta.
Ins an ám atá i láthair ní bhíonn rud ar bith mar sin acu ag an fhéasta. Bíonn ubhlaí, oráistí, cnódha agus bairighín breac acu ag an fhéasta. Nuair a bhíonn an féasta thart bíonn siad ag imirt cleas. Seo cleas amháin. Cuirtear cúig sáiseár ar an tábla agus cuirtear crí i gceann amháin acu, fainne i gceann eaile, crois ins an treas ceann, uisge ins an ceatharadh, agus mearachán ins an cúigeadh ceann. Cuirtear puthóg ar aghaidh duine amháin agus cuireann sí a lámh isteach i gceann dé na saiseár. Má chuireann sí a lámh isteach ins an sáisear a bhfuil an t-uisge ann rachaidh sé thar sáile, roimh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann