Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Na Gleannta, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuiteann oidhche fheil na marbh ar an 1adh lá de mhí na Samhna.
Deireann an sagart trí Aifreann ar an 2adh lá de mhí na Samhna mar sin lá na marbh. Deanann gach Caitlicheach cuairt chun an toigh phobail ar son na marbh, an lá sin.
Deirtear go dtigeann an marbh ar áis an oidhche sin. Is é an gnás é an teaghlach a scuabadh go maith agus gach rud eile a fhágail go deas glan. Ní chuirtear glas ar bith ar an doras an oidhche sin ach oiread. Deirtear annsin go dtigeann an marbh ar áis nuair a bhíonn gach duine ‘na luighe, agus gur imthigheann siad arís roimh breacadh an lae.
Gnás a bhí ag na sean-daoine, - biadh a fhágail ar an tabla ar eagla go mbéad ocras ar na marbh. I n-áiteacha chuirtí tobac agus snaoisín ar an tabla do na marbh fosta.- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhaoghail
- Inscne
- Baineann