Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis Ní Bhraonáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 131](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1052%2FCBES_1052_131.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1052, Leathanach 131
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 131
- XML “An Madadh Rua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i mbeart clumhduighthe le paípeár. Ba bheag a shaoil sé de’n bheart agus é ag teacht gan pighinn, gan bonn. Sul ar fhág sé dfiafruigh an maighistir do, ci’aca a b’fhearr leis an tairgead, nó trí chomairleacha. Dubhairt seisean gur b’fhearr leis na comhairleacha. Seo na comhairleacha, “Cam ní díreach ‘se an bealach mór an aithghiorra”. “Na fan a choidhche i dteach a mbéadh sean fhear posta ar mnaoi óig”. “Nuair a thig fearg ort, líon piopa, agus caith go ndeánaidh tu luaith de”. D’fág sé slán aca agus dimthigh leis. Bhí eagla ag teacht air go mbéadh sé an trathach nuair a béadh sé ‘san bhaile agus ag cros bhealach casadh cupla fear air. D’iarr sé an bealach nó ní raibh sé ró chinntighe indiaidh a bheith ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall