Scoil: Béal an Átha Móir (uimhir rolla 10105)
- Suíomh:
- Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Mícheal Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Teach A Rabh An Taidhbhse AnnBhí seán caisleán ann am amháin agus ní fanóchadh duine ar bith na chomhnuidhe ann mar bhí an-iomradh go rabh taidhbhse ann.
Gealladh cuid mhór airgid don’fhear a d’fanóchadh ann ar feadh oidhche. Dubhairt fear amháin nach mbeadh uaigneas ar bith arsan fanacht ann ar feadh seachtmhaine.
Chuaidh sé go dtí an caisleán agus d’fhan sé ann an oidhche sin. I dtrathaibh an meadhon-oidhche mhothuigh sé an-torman suas ins an tseomra uachtarach. D’éirigh sé ina sheasamh agus dubhairt “Stadaigidh de’n torman sin sula a dtéighim suas agaibh.” Stád an torman ar feadh cupla bomaite agus annsin thosuigh sé arais. D’éirigh sé ina sheasamh go feargach agus dubhairt “An gcluin sibh mé, muna stadfaidh sibh de’n torman rachaidh me suas agaibh.” Ar an bhomaite(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Taobh Díomhaoin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Chailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cionn Garbh, Co. Dhún na nGall