Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)

Suíomh:
Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ní Amhalaghaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 062

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1054, Leathanach 062

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Thanaidhe
  2. XML Leathanach 062
  3. XML “Tobar Beannaithe”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí bean as an Dubh Chorraidh thoir lá amhain ag deanamh an turáis do na gar-mhac a bhí ag troid san chogadh mhor 1916. Bhí sí ag guidhe go dtiocfadh sé slán as an chogadh nuair a chualaidh sí na gunnaí móra thoir ag an tobar agus bhí fhios aicí narbh é an deagh comhartha é.
    Rith sí ‘na bhaile leis an sgéal innse do na muinntir agus nuair a shroic sí an teach bí teachtaire annsin roimpí ag radh go rabh an gasúr marbh.
    Thig uisge an tobair seo a ól nó fíor-uisge atá ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Am amháin bhí Rí 'na chomhnuidhe in iochtar na h-Éireann. Bhí triúr mac aige agus ní rabh fhios aige ciaca a bfhearr agus a ba crionnaighe leis an feirm d'fagail aige.

    Am amhain bhí Rí ‘na chomhnuidhe in iochtar na h-Éiréann. Bhí tríur mac aige agus ní rabh fhios aige ciaca a bfearr agus a ba crionnaighe leis an feirm d’fagail aige. Thainic an bás chuige lá amhain agus bhí sé ag eirighe iongantach lag. Le sin thainig bochtáin fir isteach. Chonnaic se an Rí bocht ag faghail bhais agus arsan fear. “A Rí uasal caidé tá ag caitheadh ort” Tá maise, arsa’n Rí “tá mé ag faghail bhais anois agus sé an buaidhreadh is mó atá orm nach bfuil fhios agam ciaca de mo mic is fearr le mo rioghacht d’fagail aige”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Theachlán
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Leac Chonaill Thuaidh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Conall Duibheannaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60