Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    toighe, agus bhí sí aige roimhe, cuaidh an beirt un spáirne ath-uair, agus scairt Donn ar an cú agus dubhairt cuidigh liom a chú.”
    “Is doiligh domh,” arsa an cú, “no is caol cruaidh a ceangal tú mé.”
    “Teann! Teann! A ribe” ars an tseanbhean. “Bain an cionn de’n ghaduidhe agus mairbhfidh mise an sladuidhe.”
    Tharraing sí slaitín draoidheachta agus rinne cloch de, agus rinne mar a gceadhna leis an chú, leis an t-seabhach agus leis an chapall. Bhí Donn bocht marbh annsan.
    D’amharc Dubh an dearbhrathair ar an bocsa agus bhí taobh an bocsa dubh. “Ta mo dhearbhrathair marbh.” Arsa seisean, “agus ní codhlochaidh mé dhá oidhche i dteach ar bíth go bhfeicidh mé caidé d’éirigh do.”
    D’imthigh sé, a chú le n-a chois a’s a sheabhach le n-a bhois, agus each caol dubh faoí n-a thóin. Chuaidh sé go dtí teach an Ríogh, agus nuair a thainig sé isteach dubhairt siad leis go dtug an gearrfhiadh a sháith do, nuair a thiontuigh a ghruag comh dubh leis an fhiach, agus sa homaite d’athain sé go rabh a dhearbhrathair aca i n-am éiginnteacht.nuair a bhí siad ag deánamh a suipeara, thainig gearrfhiaidh go dtí an doras agus dubhairt “goidé thug tusa annseo, a Dhuibh scallta Mhac an Diorfaigh?”
    Cuaidh Dubh de léim ins an diallaid, agus lean an gearrfhiadh, ach tharraing sé tom luachrach agus d’imthigh fríd an talamh. Cuaidh Dubh agus a cuid eachraidhe fríd an talamh fosta. Bhí an t-seanbhean annsin roimhe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nora Bean Uí Dhuirnin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall