Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 157

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 157

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 157
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear i bfad o shoin, agus bhí sé comh beag agus nar tugadh aon ainm aur ach an Diorfach. Bhí sé pósta, ach ní rabh teaglach ar bíth aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    “A Dhuibh scallta Mhic an Díorfaigh,” arsa sise ní bheidh mise i bhfad ag cur deireadh leat.”
    Tharraing sí trí ribe gruaige agus d’iarr air a cuid eachraidhe a ceangal, ach tionntuigh sé thart agus chaith sé san teinidh iad.
    Chuaidh an bheirt ‘un spáirne. Nuair a bhí Dubh comair a bheith marbh scairt sé ar an chú, “cuidiú, cuidiú a cú!”
    “Teann, teann aribe” arsa sise.
    “Is doiligh domh é” ars an ribé “agus mé ar chúl mo chin sa teinidh.”
    Scairt Dubh ar a bheathach, agus ar a cú agus ar a sheabhach, agus cuidigh siad leis. Phioc an seabhach na súile as an chailligh, agus connaic Donn slaitín draoidheachta astoigh ina brollach. Tharraing sé amach an tslat agus rinn cnapán cloiche de’n chailligh, ach le fórsa an bhuille, bhuail sé ceann de na clocha, agus d’éirigh capall a dhearbhrathara chuige. Annsin bhuail sé na clocha eile a bhí fa dtaobh de agus thainig an seabhach, an cú agus a dhearbhrathair ina gcosamhlacht fhéin.
    Chuaidh Dubh agus Donn go dtí caisleán an Ríogh. Anois, cé acú fear a ba cheart íngean an Ríogh fágail?
    Eanáir 1936
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nora Bean Uí Dhuirnin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall