Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 46

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 46

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 46
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean agus gasúr ann aon uair amháin. Nuair a bhí an gasúr beag fuair a athair bás.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    “maith go leor,” arsa ‘n gasúr, “déanfaidh sé sin.” Thainic lá ar na bhárach agus ma’s fada an lá tig an oidhche. I dtráthaibh an seacht a chlog ghléas an gasúr é fhéin agus níor stad sé go raibh sé i dteach na dtaidhbhsí. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtainic an mheadhon-oidhche. Bhí teine bhréagh thíos agus an gasúr ina shuidhe go sócamhlach cois na teineadh go díreach nuair a buaileadh an doras. “Isteach libh!” arsa ‘n gasúr.foscladh an doras agus thainic daréag fear isteach agus comhnair leo. D’fhág siad an chomhnair ina luighe I lár an toighe agus d’fhoscail siad í. Léim fear mór dubh amach agus suidhe ag taobh an ghasúir. Sul ar mhothuigh an gasúr bhuail an fear mór dubh dorn air. “Ma gnídh tú sin arais,” arsa ‘n gasúr, “beidh daor ort.” Bhuail an fear an dara dorn. Fuair an gasúr greim air agus sháith sé a chloigeann siar faoi’n teineadh. Thoisigh an screadach agus na búithrigh ag an fhear a bhí faoi’n teinidh ach ní leigfeadh an gasúr do bogadh go dtí go raibh sé rósta. Nuair a fuair an fear ina shuidhe thug sé léim isteach ins an chomhnair agus amach ar an doras leo. Thárluigh an rud céadna an dara hoidhche agus an treas oidhche. Ar maidin an treas lae chuaidh an gasúr chuig n-a mhaighistear agus d’iarr an t-ór air. Thug an maighistear mála óir do agus bhí sé fhéin agus a mháthair saidhbhear ar feadh a saoghail.
    Márta 1935.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Dochartaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall