Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 324

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 324
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Anuas as Tír Eoghain a tháinig sé go Rosaibh Thír Conaill. Ní raibh aon bainfhéis ins na Rosaibh nach mbéadh sé aicí.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    do le tabhairt chuicí.
    Scéalaidhe: Seosamh Ac Ruaidhrighe, Leitir Catha, Clochán Liath.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach.

    Domhnall Ó Dubhthaigh 21.2.38
    Bhí fear ann aon uair amháin agus nuair bhíodh sé réidh le n'a cuid oibre tráthnóna go mall, chaitheadh sé gabhail agus cliabh mónadh a tabhairt isteach. Ach, lá amháin, nuair a bhí sé ag gabhail fá choinne na mónadh goidé tchídh sé ach caora ag teacht amach as faoi bhán-lic. Sheasuigh sí a amharc ar an fhear. Shiubhail an fear leis agus chuaidh an chaora isteach faoi an lic arais. Gach uile ama da dtaradh an chaora amach a amharc air.
    Ach lá amháin chuaidh an fear chuig an t-sagart agus d'innis sé do caidé chonnaic sé. "Do bharamhail," arsa an sagart, "dá-sé an bhfeicfinn an chaora?2
    "Leoga tchífeadh duine ar bith í a rachadh amharc uirthi." arsa an fear. Chuir an sagart air a ribín agus chuaidh sé fhéin agus an fear go dtí an áit a rabh an chaora. Tháinig an chaora amach a amharc ar an t-sagart agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Dhubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Dhubhtaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall