Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcómhnuidhe i dteach ceann-tuigheadh ar thaobh an róid. Bhí an bhean iongantach cliste agus bhí sí ábalta í fhéin a ghlanadh as gach trioblóid.

    Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad ina gcómhnuidhe i dteach ceann-tuigheadh ar thaobh an róid. Bhí an bhean iongantach cliste agus bhí sí ábalta í fhéin a ghlanadh as gach trioblóid.
    Lá amháin bhí an seanduine amuigh ag baint cloch-aoil i bpoll a bhí ar thaobh an bhealaigh mhóir. Ní rabh sé i bhfad ag obair go gculaidh sé tormán éigin. D’amharc sé thart, ach ní fhacaidh sé dadaidh, ach gluaisteán a bhí ag teacht an bealach mór. Níor bh’fhada gur shroich an gluaisteán é agus go díreach nuair a bhí sé ag gabhail thart le na thaoibh thuit mála anuas o’n ghluaisteán.
    Shiubhail an seanduine go dtí an mála agus athas an t-saoghail air. D’fhosgail sé an mála agus caidé a bhí istoigh ann ach croc óir. Chuir sé an mála ar a dhruim agus d’imthigh sé ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a tháinic sé isteach chuir a bhean ceist air goidé bhí leis. “Ó, tá,” arsa seisean “mála óir a fuair mé caithte ar thaobh an bhóthair”
    “Tabhair domh é,” arsa sise. Thug an sean-duine duithe é agus d’fhág sí suas ar an bhac an mála. “Anois,”
    arsa sise, “caithfidh tusa a ghabhail na scoile amárach.”
    Ar maidin lá ar na mhárach rinne an sean-duine réidh agus d’imthigh sé ‘na scoile. Tráthnóna lá ar na mhárach thainic peús isteach agus chuir ceist
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall