Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 149
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhaghail le h-ithe. Ag bualadh coirce a bhéas tú. An méid a bhuailfeas tú ho h-am dinneara tabhair isteach chuig bean a'toighe é, agus an méid a bhuailfheas tú go h-am tae tabhair isteach chuicí é, agus iarr uirthí do chuid a dhéanamh réidh duit gach am aca.
Rinne an buachaill mar h-iarradh air. Casadh an fear air agus rinne sé fastódh leis. Ar maidín lá thar na bhárach cuireadh amach an buachaill a bualadh coirce. An méid a bhuail sé go h-am dinnéara thug sé isteach chuig bean a' toighe é agus d'iarr uirthí a dinnéar a dhéanamh réidh do.
Rinne sí sin agus bhuail an buachaill leis go h-am tae, agus an mhéid a bhí buailte aige go dtí sin thug sé isteach chuig bean a' toighe é agus rinne sise réidh a chuid tae.
Tráthnóna thainic an maighistir fad leis an bhuachaill agus chuir ceist air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Breatnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Loch Achair, Co. Dhún na nGall