Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níor bh'fhada gur thoisigh an torman, agus an roiseadh agus stróchadh, agus an dóghadh. Bhí an clampa le teinidh ag an fhear bheag ruadh, leig mé síos agus níor bh'fhada gur mhothuigh mé an fear beag ag rádh, "Is fearr sláinte nó ór, is fearr sláinte nó ór."
Bhí oiread de mo shásamh orm fhéin agus bhí mé an oiread sin ar an daoraidh liom fhéin agus ní thabhairfinn oiread de shásamh do agus go dtiocfainn anuas. Mar sin de leig mé san áit a rabh mé. Bhí an t-athair ag éisteacht ar fad agus gan focal aige. Thoisigh an mac arís agus arsa seisean, "Bhí an teinidh ag mo thaoibh i dtrathaibh an ama seo, agus sheasuigh mé suas go dtí go rabh an clampa go léir dóighte ach an áit a rabh mé mo sheasamh ann, agus annsin léim mé anuas go bhfeicinn cá rabh an fear beag ruadh le mo chuid airgid a fhaghail uaidh, ach ní rabh sé le feiceáil ann aon áit. Dar liom fhéin, gheobhaidh mise greim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Loch Achair, Co. Dhún na nGall