Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 158
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ort a bhitheamhnaigh is cuma goidé an bealach a deachaidh tú!
Ar shiubhal liom comh tiugh géar agus tháinig liom agus deamhan a bhfad a chuaidh mé go bhfacaidh mé an fear a'airde a chonnaic mé ariamh. Shiubhail sé aníos fhad liom agus labhair sé nglór ghéar goirgeach fheargach liom agus dubhairt:
"Mas spalpaire as Sasain thú ní mac máthardha as Éirinn thú ach cladhaire as Albain thú, agus mar sin de innis domh cá bhfuil tú do chomhnuidhe; cé leis tú, an bhfuil do chuid daoine muinnteardha beo nó marbh - mas marbh is amhlaidh is feáirrde é?"
"Abair mórán," arsa mé fhéin, "nó ní bhéinnse i bhfad ag déanamh gillire duit in áit na mbonn"
Chaith an fear mór dó a chóta agus tháinig an tuile buach agus sheasuigh an bualadh ar feadh uaire a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Loch Achair, Co. Dhún na nGall