Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 179
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ithe. Nuair a bhí siad réidh dar leo go rachadh siad giota eile. Shiubhail siad leo gur casadh cailín deas ortha agus chuir fear aca ceist uirthí an bpósadh sí é, agus dubhairt sí leis go bpósadh. Chuaidh an cailín leir 'un an bhaile agus maidin lá ar na bhárach pósadh an bheirt aca agus nuair a bhí siad ag teacht 'un an bhaile, tháinig siad fhad le caisleán mór a bhí ann. Chuaidh siad fhad leis an doras agus fosgladh daobhtha é, chuaidh an bheirt isteach agus cuireadh fáilte mhór rompa annsin, agus cuireadh isteach i seomra mór an bheirt aca agus leagadh isteach bórd bídh agus dígh daobhtha. D'fhan an cailín óg agus an fear ins an chaisleán an oidhche sin agus maidin lá ar na bhárach dar leis an bheirt aca go dtabhairfeadh siad a n-aghaidh ar an bhaile. D'fhág siad an caisleán maidin lá ar na bhárach agus thug siad a n-aghaidh ar an bhaile. Dubhairt an cailín leis an fhear óg go raibh sise ag gabhail 'un an bhaile go bhfeiceadh sí a máthair. D'imthigh an bheirt leo agus nuair a shroich siad an baile, cuireadh ceist ar an ingean an raibh sí pósta ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antoin Ó Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall