Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 184
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh siad i dteach ar bith ar an bhaile.
Bhí eagla ar an chreatúr no bhí tuilteacha ins na h-aibhneacha ar an bhealach. I dtráthaibh an dó dhéag ní raibh uchtach aicí, no bhí an sneachta iongantach trom amuigh. Ach thainic an tráthnóna agus ní thainic siad. Ní raibh mórán aráin aca, no min. Thainic an oidhche agus bhligh sí an bhó.
Annsin thug sí isteach uisce agus móin, agus thug a gcuid do na paistí. Annsin thug sí ortha a gcuid urnaighthe a rádh agus chuir sí a luighe iad. Nuair a d'éirigh sí ar maidin rinne sí an obair uilig a bhí le déanamh agus d'iarr sí ar na paistí fanacht ins an teach no go raibh sí ag dul ar lorg a muinntire.
Bhí obair mhór aicí an bealach a dheanamh amach no bhí an sneachta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall