Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 210
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bith ins an bhoul, agus bhí ocras millteanach air. Ní thearn sé ach imtheacht amach ar an doras, agus chuaidh 'un an bhaile chuig a mhathair.
Maidín lá thar na bhárach d'éirigh an dara mac agus dubhairt sé: A mháthair déan builbhín domh sílim go rachaidh mé a chuarughadh m'fhoirtín."
"Ciaca bheirfidh mé an builbhín beag agus mo mhallacht ?(bheannacht) duit, no an builbhín mór agus mo bheannacht duit," arsa sise.
"Tabhair domh an builbhín mór agus do mhallacht, no tá sé beag go leor agam," arsa'n mac.
Thug sí an builbhín mór do agus bhí sí ag mallachtaigh air go deachaidh sé amach as amharc. Shiubhail sé leis agus níorbh fhada go dtainic sé fhad le tobar a raibh uachtar meala agus íochtar fola ann.
Bhí ocras air agus shuidh sé síos chois an tobair agus chuaidh sé a thomadh an aráin ins an tobar agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall