Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 52
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus madadh mór ag n-a thaoibh.
Chuir an prionnsa beirt de na fir fhad leis le fáilte a chur roimhe agus leis an mhadadh a chur faoi gheasaibh.
"Cé tú fhéin, agus cé atá ins an chaislean?" arsa na fir.
D'innis sé dobhtha cé é féin agus dubhairt sé gur fáthach an domhain thoir agus a ingean Olmhan a bhí ins an chaislean.
"Tháinic muidinne maise le ingean an fhathaigh a sholathar do'n Rí" arsa'n prionnsa.
"Bhal," arsa'n fear mór "ní bhfuair aon duine go fóill í agus guidhim sibh o mo chroidhe amach gan dhul a cuartugha agus thug sé go dtí a theach fhéin iad.
D'ith siad agus d'ol siad a sáith de'n bhiadh a b'fhearr da raibh le fághail acu. Nuair a bhí siad ag imtheacht d'fhosgail bean dhearbhrathair an fháthaigh comhra cloiche a bhí chois na teineadh agus leig sí amach stocach doigheamhail ruadh a raibh gruag chatach air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall