Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 96

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 96

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 96
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an bhfeiceann sibh na bréaga atá siad innse domh-sa; agus anois an bhfeiceann sibh caithfidh sibh achan pighinn dén chíos a thabhairt domh-sa, ach i dtaobh ab fhir eile ní bheidh fiacadh air fhéin nó ar a mhnaoi a'n phighinn a dhíol a choidhche. Isteach leis an tighearna go seomra eile agus ní rabh a bhfad gur phill sé agus bocsa leis, d'fhosgail sé é agus sín chuig an bhean é agus goidé bhí ann ach lán bocsa óir.
    Dubhairt sé léithe a thabhairt 'na bhaile léithe agis go mbéadh dóigh mhaith ortha ní ba mhó.
    "Anois dá mbéadh sibh-se mbur mbeirt comh fíreannach léithe seo gheobhadh sibh an rud céadna ach tá an fhírinne searbh in amannaibh"
    "Go rabh míle maith agat a dhuine uasail" arsa sise, bhí tú ariamh fial aoin leis an bochtáin."
    "Níl feidhm duit-se a'n pighinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Nic Ailín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Seoladh
    Mín Corrbhaic, Co. Dhún na nGall