Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 152](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1058%2FCBES_1058_152.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 152
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 152
- XML “Na Rosa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rosannaigh garbha, bhí Naomh eile - Naomh Dúbhthach ag baint faoi leis feín san ait a bhfuil "Calhame" mar ainm air anois. Níor eirigh liom brigh an fhocail sin a mhíniú go foill.
Ach leanamuid do Naomh Croine. Bhí dha chlochar aicí do na chuid Cailleach Mhuire - an príomh-ceann thuas i dTeampoll Cróine agus an sub-cheann ar Oilean na Cruite, san ait a bhfuil an sean-roilic anois. Níl foirgneamh no lorg eile le faghail indiu ach tá le feiceal.Rinn (?) Cailleach Mhuire agus Tobar Chailleach Mhuire an sean tobar an grathach leis na Cailleacha an t-uisge a fhághail.Le linn teacht na Lochlannach brisead ar na Cailleacha. Dóigheadh na cealla, marbhadh na Cailleacha - no tugadh orra téichead le na n-anam. Fagadh na sean-bhallogai agus annsin cionnus go rabh an ait beannuighthe, toisigheadh a bheith ag cur na gcorp na marbhanach agus sin mar tarla na sean-roiliceacha. I dTeampoll Croine agus ar an Cruit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)