Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)

Suíomh:
Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séumas Ó Dómhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mínbeannaid
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Na Rosa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar an seachtamhad la d'Iúl, mí na Súil Sian, ba ghnáthach le muinntir na Rósa féile mór a chaitheamh suas fa Teampoll Croine. Ach nuair a bunuigheadh an t-aonach ar an t-sráid baile úr - An Clocán Liath. Caithtí an fhéile ar an 4adh la de mí meadhon an tSamhraidh agus is é sin an bun atá leis an aonach mhór seo - la aonaigh an t-Samhraidh ar an Clochan Liath an la agus an ionad a shocruighti gach imreas a tharlocha idir na Rosannaigh sa bhaile agus i gcéin.
    Ba ghráthac an t-ainm "Croíne" ar cailíní fad ó ach faraor rinnead dearmad ar an ainm seo - Ní rab sé deas galanta go leór. An bhean deireannach a rabh an t-ainm seo uirthi - Croíne Ni Dómhnaill, fuair sí bás, da fhicead no leit-cead bliain o shoin air na h-Acraí, i bfogus míle de Ailt an Corrain.
    Ach buidheachas le Dia mór na bhfeart, táthan ag smaoitiú air an Naomh arís agus tá girreach óg anois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Na Rosa, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)