Scoil: An Mhín Mhór (uimhir rolla 16342)
- Suíomh:
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraic Ó Breisléain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Mhín Mhór
- XML Leathanach 5
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (17) Goidé a’ céad rud a deántar nuair a racaidh tú isteach ins a’ leabaid?
Freagra. Brúigfid tú an leabaid.
(18) Chuaidh cearc dubh a’ croc agus táinic cionn bán ‘na déid.
Freagra. Cearc a beir uibh.
(19) Chuaidh cearc suas mar a bead sneacta ann agus táinic sé anuas mar bead ór ann.
Freagra. Uibh.
(20) Tá rud faoi’n leabaid agus é a fanacht le cráim.
Freagra. Bróg a’ Feiteam le do cosa.
(21) Tá tuban beag amuig annsin agus tá sé lán de fuil agus feóil duine.
Freagra. Méaracán táilliúra.
(22) Tá sé sa tseara agus ní tómaisfear é, Tá sé sa teinid agus ní dóigfear é, Tá sé as a’ bealach mór ag treampalfaid tú air.
Freagra. Sgáile na gréine.
(23) Cím é agus ní feicim é, Sid tar Croc na Aitinne é, Luigeann sé ins an drúcta ‘gus ní éirgheann sé gan cuidheachta.
Freagra. Sgáile an duine.- Bailitheoir
- Róise Ní Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall