Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)
- Suíomh:
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eilis Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Acres
- XML Leathanach 66
- XML “Seán agus A Chara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán agus a Chara.
Bhí fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air, Seán. Bhí cara mór ag Seán darbh ainm Tomás. Nuair a bhí Tomás ag fághail bháis bhí brón mhór ar Sheán, agus d’iarr sé ar Thomás a theacht arais chuige, nuair a bhfuigheadh sé bás, agus a dhinnse do cé’n cineál saoghal a bhí acu i bhflaitheas. Gheall Tomás sin, acht tá fhios ag gach duine nach feidír leis a theacht arais.
Cupla lá na dhiaidh sin, fuair Tomás bás, agus cuireadh é.
Chuaidh an t-am thart, agus oidhche amháin bhí Seán ag siubhal thart fá’n loch a tugtar loch Meala air. Chonnaic sé lámh sínte aníos fé’n uisge, agus chualaidh sé duine ag rádh, “tar annseo, agus tarraing amach mé”. D’aithin sé glór a chara a fuair bás, agus scannraigh sé. Thug sé do na bonnaibh é. Nuair a shroich sé a theach fhéin, thuit sé i laige.
Lá thar na bharach chuaidh sé fhad leis an tsagart, agus d’innis sé do, caidé tharla an oidhche roimhe. Dubhairt an sagart leis nárbh é chara a bhí ann acht an diabhail.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall