Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 286](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1059%2FCBES_1059_286.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 286
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 286
- XML “Seághan an Tincléir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtáinig sé go dtí sgioból i na raibh fir ag bualadh ar bhair. D’iarr sé ortha cupla buille a bhuaileadh ar an mhála.
Rinne, agus bhí siad ag bualadh go raibh na suaistídhe briste aca, an diabhal ag caoineadh leis ar fad.
Dubhairt Séan go leigfeadh sé ar shiubhal é, acht spás seacht - mbliadhan a thabhairt dó. Thug. Nuair a bhí na seacht - mbliadhna istigh bhí Seán ag cur amach eallaidh, agus tháinig an diabhal fhad leis ag rádh, go raibh na bliadhanta thart anois. “Maith go leór” arsa Séaghan acht imreochaidhmíd cluichthe, agus ma bhainim caithfidh tú spás seacht mbliadhan eile a thabhairt damh. Chaill an diabhal, agus fuair Séan an spás.
Ag deireadh na seachtmhad bliadhna, bhí Séan i na shuidhe ag táb-la ag baint na féasóige de fhéin. Isteach leis an dhiabhal “Creidim(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Bean Mhic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Uí Ultaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall