Scoil: Dubhchoradh

Suíomh:
An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 287

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 287

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhchoradh
  2. XML Leathanach 287
  3. XML “Seághan an Tincléir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach bhfuil deifir ort, agus suidh ar an gcathaoir sin”.
    Bhí buaidh ar an gcathaoir, dá suidheadh aon duine uirthí, go ngreameochadh sé dí. Shuidh an diabhal agus nuair a bhí an t-am ann le éirigh, ní raibh sé ábalta bogadh. Thosaigh an caoineadh arís. Dubhairt Séan go dtiocfadh leisean tabhairt air éirigh le focal amháin cainnte. “B’fhearr rud ar bith na bheith annseo” arsa an diabhal. “Imthigh leat Imthigh leat, agus nach feicim ar ais a choidhche thú” arsa Séan.
    Nuair a bhí Séan ag éirghe marbh aosta, fuair sé bás.
    D’iarr sé mála na gcárdaí a chuir sa chomhnair. Ar theacht chun na bhFlaithis dó, ní leigfeadh Naomh Peadar isteach é, mar gcaithfeadh sé uaidh an mála agus na cárdaí. “Mar leigfidh tusa isteach mé tá fhios agamsa áit a leigfeas” arsa Séan ag pilleadh leis síos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Bean Mhic Amhlaoidh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Gráinne Bean Uí Ultaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    90
    Seoladh
    An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall