Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 105
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhe na Feirme :-
Tá dhá bhó againn sa bhaile. Maoilín an t-ainm atá ar cheann aca agus “horney cow” ar an cheann eile.
Tá dhá ghamhain agus colpach againn fosta. Ceann bán agus ceann dubh. Tá an colpach dubh fósta.
Tá searach agus asal againn. “Dick” an t-ainm atá ar an shearach agus “Kate” ar an asal.
Cuireann muid na ba isteach i gcró san oidhche agus na gamhain san bhoitheach ceadhna mar go bhfuil sé mór
Ins an tsamhradh cuirtear “ciob dhubh” agus raithneach mar easair faoi na ba. Acht sa gheimhreadh cuirtear feár no cochán fuatha
Bíonn na “stácai” in-a sheasamh ins na boithigh leis na ba a cheangladh. Cuirtear an igín síos ar an “stáca” agus bíonn an slabhradh greámuighthe do.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Laodhóg
- Inscne
- Baineann