Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann am amháin agus bhí sé ina chomhnuidhe ar an chéideadh. Ba gnathach leis a bheith ag áirnéal fá na toighthe sa chomharsanacht achan oidhche. Ach an oidhche seo nuair a bhí sé gabhail na bhaile, casadh an bhean air, labhair sé leithe ach ní chug sí freagra ar bith air. An dara h-oidhche gabhail na bhaile do, casadh air aríst í. Labhair sé léithe, ach níor labhair sise ar chor ar bith, agus bhí sé sgannruigh ní na h-iongadh. An tríomhadh oidhce bhí sí ag siubhail le na thaobh, dar leis fhéin béidh fhios agam-sa cé thú, agus tharraing sé an seal anuas de na ceann, agus dubhairt sí leis go mbéadh daor air
Fá thuairim mí no mar sin na dhiaidh, Bhí lá an aonaigh ar an Clochán Liath agus bhí sé ann, agus nuair a tháinig an oidhce ní rachfadh sé na bhaile leobhtha, agus d’imhthigh sé amach bealach na gnoc, agus ag an loch-shalach, tháinig an bhean air agus thiocfadh le brighidh ní gabharán an sgreadach a chluinstin agus i na luighe ar a leabhaidh i bpoll cró bheithe. Ar maidín nuair a bhí na scolairí ag gabhail na scoile fuair siad é ar carnán cloch giota o’n bhealach mhór. Tá na clocha le feiceail san áit go foill go maith agus bhí ariamh, agus tá sé ar áit go h-uaigneach agus shiubhail duine ariamh.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Loch Achair, Co. Dhún na nGall