School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt dearbhrathrach na gcomhnuidhe sna Rosaibh fadó shoin mar bhí Murchadh Mór agus Murchadh Beag. Chuaidh an dís chun na coille lá amháin le sughcraobh a bhaint. Bhí mála lé Murchadh Mór, acht ní rabh dadamh le Murchadh Beag. Nuair a sroich siad an choill chuaidh Murchadh Mór suas i gcrann agus thoisigh sé a chaitheamh shíos cúag an bhoc uile. Da réir mar bhí sa gha gcaitheamh anuas bí seisean a gcur isteach ina bholg i n-áit a gcur isteach ins an mhalla. Nuair a tháinig Murchadh Mór (ag) ní rabh sughcraobh ar bhith fá na choinne, agus gheall sé greadall is griosail do’n bhoc bheag lá thar na bhárach.
Maidín lá thar bharach d’imhthigh Murchadh Mór go dtí an choill.
Chuaidh sé chúig an t-slait “Caidé tá dioghbhail ort arsa’n t-slait”, “Tá slat a sgiuirfas druim Murcaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé”. “Ní bhfuigh tú mise” arsa’n t-slat “go bhfágha tú sgian a ghearrfhas mé”.
“Cuaidh sé chuig an sgian, “Caidé tá dhioghbhail ort ars’n sgin”, “Tá sgin a ghearrfas slat, slat slat a sgiúrfas druim Murcaidh Bhig a d’ith mó chuid sughcraobh indé”. “Ní bhfuigh tú mise ars’n (o) sgin(continues on next page)- Collector
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall