School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 110
  3. XML “Murchadh Mór agus Murchadh Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Murchadh Mór shuidh sé síos ar chraobh crainn a d’amarc air. “Cá ! Ca”, ars’n phréachán, acht bhí Murchadh Mór ró gnoitheach le h-eisteacht leis. “Cá ! Cá” ars’n préachán aríst, agus thóg Murchadh Mór a cheann, agus shíl sé gur “láb ! láb” a dhubhairt sé, agus léim sé amach as an abhainn, bhí sé ag gabhail thart fa’n t-srath ag cuartú ar feadh tamhall, fá dheireadh is táinig sé ar cnap d’aoileach bhó thiontuigh sé an chriathair bun os chionn agus chuir an chlabhair air d’fág annsin gur thiormuigh sé. Nuair a bhí an láibh tirm cruaidh agus greamaidhe i gceart, lán sé an chriathair de’n uisge.
    Tug sé deoch do na bhuailteoirí fuair sé trí phionnain choirce, d’ith na ba an choirce, fuair se trí deoch bainne d’ól an cat an bainne. Rug an cat ar an luchóg, ligh an a luchóg an t-Im, cuireadh an t-Im ar chosa con, Ruaig an chú an fiadh, léim an fiadh thar uisge, fhliuch an t-uisge an chloch, chuir an cloch faobhair ar sgian, géarr an sgian an t-slat, agus fuair Murchadh Beag greadail is griosail na déarn sé dearmad dé go lá a bháis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Doiminic Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall