Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in an oileán. Acht ag pilleadh dobhtha in an talaimh, sgoilc an oidhregach futha agus ach bhí é an Rópa ualaigh a bhí leo agus an tarrthail a thug na comharsanaigh ortha bháitfidhe go cinne iad. Bíodh gheall air nar baineadh do chrann ihuilinn ar an oileán ó shoin agus ní bháinfhéar fad is mháirfeas iomrad an sgéil sa chomharsanaiht seo.Tharla fear óg na chomhnuidhe in-aice Loch an Iubhair, agus bhí fonn air air giota trosgan a deánamh. Shíl sé gur mhaith aige cupla craobh de’n cruaidh-adhmad an iubhair a bhí ag fás ar oileán bheag i lár an locha.
Thug sé leis bád agus d’iomar isteach ‘un an oileán agus fuair an [?] adhmad a bhí de dhíth air, acht ghearr sé a mhéar le linn a bhainte dó. Lá thar na bhárach bhí sileadh agus nimhneas sa mhear. Ag eirghe níbh ‘mheasa a bhí sé, agus nuair a tháinig an dochtúir ba é an bharamail, a bhí aige go gcaithfidhe a méar a bhaint de ma bhí sé le shabhail. Bhí bunadh an toighe fá bhuaidhreadh agus fá imnidhe. Idir - ama ce tháinig isteach ach sean-bhean de chuid na comharsain. Chomhairligh sí do’n bhuacaill an t-adhmad a thabhairt arais go bruach an locha, e chaitheamh isteach agus go rachadh leis go h-ádhmhail. Rinne an buachaill mar h-iarradh air, agus d’imthigh (sé)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall