Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin ann do cheann” ars’n Rí “Go h-Ifreann leat a chead uair” ars’n stocach. (Bhí maith)
Bhí go maith as ní rabh go h-olc go (h-olc) dtí maidín lá thar na bharach agus d’iarr an Rí ar an stocach teach a dheánadh le cluibh na n-éan ar an árd os cionn an toighe agus gan dhá eán aca a bheith cosamhail leis an ceann eile. Maith go leor dheánfaidh mise sin arsa an stocach. Annsin d’imthigh an Rí a shealg an lá seo fosta. agus thoisigh an stocach a chruinnuighadh cleiteach leis an teach a dheánadh ach ní thiocfadh leis go leor a fhaghail.
Ach ins an deireadh tháinig nighean an Rí amach agus d’iarr sí ar an stocach an bhratóg a bhí aige a chrathadh. Rinn an stocach mar d’iarr sí air agus d’éirigh an chaisleán a bh’fíor deise dar bhfaca shuil ariamh.
Nuair a tháinig an Rí chuir sé ceist ar an stocach an rabh an rabh an (stocach) an teach deánta aige agus dubhairt an stocach go rabh. “Siubhail leat go bhfeicidh tú é” ars’n stocach. Chuaidh an bheirt aca fhad leis an bhoitheach agus ní fhaca siad teach ariamh a bhí chomh deas leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padaí Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall