Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 133
- XML “Beirt a Bhí Beo Bocht a Fuair Ór sa Choillidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean agus seandhuine ann uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Ní rabh siad abálta a ghach a shaothrughadh daobhta fhein agus ar an adhbar sí b’eigean do’n t-seanduine a ghabhail chruiniughadh a chodach ó dhoras go doras.
Thiocfadh an seanduine achan oidhche le cé bith a bhéadh cruinn aige. Ach dalta go leor ní rabh an t-seanbhean ar an chocaire a b’fearr. Aon oidhche amháin nuair a tainig an seanduine agus é tuirseach ocras bhí brachán deánta ag an t-sean-bhean dó ach nuair a chuaidh sé a ithe caidé bhí an ach cuid mhór suithche. Briseadh dó mhuinneal ort ars’n seanduine ní sheaseochaidh mó theach nó áit leat. Bhí sean bhó aca a rabh na cnamha ag Polladh an chroiceann aicí. Ar maidín lá thar na bharach leig an seanduine amach an bhó agus mharbh sé í. Annsin bhain sé an croiceann dithe agus ghearr sé an fheoil suas ina giotaí agus sháil sé i mbhairrle í. Lá thar na bharach tug sé leis an chraiceann agus dhíol sé ar an bhaile mhór.
Fuair sé cúig sgillne ar (na) an chraiceann agus leis an airgead cheannuigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Mhic Cnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 36
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall