Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 138](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_138.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 138
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtí an dara lá agus ní tháinig amach ach bean amáin.
Ba é an rud a bhí ag teacht ortha no go rabh an fathach ag teacht achán agus ag tabhairt leis bean (leis) aca. Ach an tríomhadh h-oidhche thainig a mathair ag an giorrseach i mbrionglóid agus dubhairt sí leithe go dtiocfadh an fathach an oidhche. Agus fosta d’iarr sí ar an ghiorrseach nuair a thiocfadh an fathach an cloigean a baint de le claidheamh. Tháinig an fathach an oidhche mar bhí ariamh agus chuir sé a chloigeán isteach fríd an doras a [brath]? an ghiorrseach a shiogaint ach le sin fein chaith an ghiorrseach an chloigeann de. Nuair a shíl mathair nach rabh sé ag teacht leath ghasta go leór agus go mbfeidir gur eirigh rud eiginteacht do, Tháinig sí féin go dtí an t-óileán agus chonnaic sí an fathach na luighe marbh.
Annsin thug sí leithe cloigean an fhathaigh agus chuir sí air arais é agus fuair se biseach. Tamall na dhiaidh sin tháinig sí go tdí an doras agus d’iarr sí ar an ghiorrseach i a leigint isteach. Bhí an doras druidte agus tháinig an ghiorrsach go dtí an doras agus claidheamh leithe. Bhí ingne iontach fada ar an (fhear) bean seo, agus chuir sí isteach fríd an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall