School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar na giorrsachaí go rabh siad sgannruighthe.
Annsin nuair a d’imthigh an doctuir agus a mhathair giota eile. Bhuail an ghiorrsach a bhí ina sagart an slat a bhí aicí ar an talamh agus ins an bhomaite sin ní rabh teach pobail no a ghach ar bith le feiceail ach an triúr giorrsach na seasamh annsin leobhtha fhéin.
Shiubhal siad leo tamall mhóir fada agus eagla ortha ar fad go bhfeiceadh an doctuir agus a mhathair iad.
Ach ins an deireadh caidé chonnaic siad ag teacht na ndiaidh go gasta ach an doctúir agus a mhathair. (ag teacht go gasta) Ní rabh fhios ag na giorrsachaí caidé dheánfadh siad an t-am seo. Ach ní rabh siad a bhfad i n-amhras chonnaic siad crann ubhall fá thuairim cupla cead slat uatha. Anonn leobhtha fhad leis agus chuaidh siad suas ann.
Sa deireadh tháinig an doctuir agus a mhathair go dtí an chrann. Ní rabh an doctúir abálta a ghabhail suas a gcoir agus ar an adhbhar sin ní rabh sé ábálta a ghach a dheanad daobhta. Ach ins an deireadh smointigh sé ar dhoigh le iad a fághail.
“Fan thusa annseo go dtigidh mise arais leis an t-seagh agus gearrfaidh me an(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Dubhthaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall