Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 33

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 33

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 33
  3. XML “An Gasúr Gaelach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    inntí i gcomhnuidhe. Gan lé cluinstin ag an triúr a bhí sa t-suidheachan, ach [inónán]? binn an t-sruthain a bhí gabhail lé fanaidh taobh thiar daobhtha.
    Bhí siad ‘na suidhe tamhall maith gan focal a labhairt.
    “A strainsear” arsa Carán fa dheireadh “béidh an long ag seól imbarach, ar bhéal maidhne ma tá an ghaoth oirstineach. Bhí an Chaiptín ag innse damh indiú go raibh sé ag seól gó dtí na h-Indeacha Thoir, agus tá eagla orm nach maireann tusa a bhfhad sa tír sin. Tá tú ró-óg leis an teas a sheasamh, agus tiocfaidh an Fhiabhras Buidhe ort. Ní bhéidh duine de do chreideamh fhéin lé tarrthail ‘thabhairt ort, agus gheobhaidh tú bás gan sagart, gan bráthair”.
    “Tá sin fíor” arsa’n stócach, agus na deóra ‘sna súile aige” ach caidé deánfaidh mé”.
    “Bhfuil fhios agat caidé deánfas tú” arsa Carán. “Fan annseo agamsa i gcuideachta mo mhac. Tá oiread Maoine agam-sa agus dheánfas sibh rith bhur saoghal, no mise an fear is saidhbhre ar an oileán.
    D’amarc an stócach air, “A” ar seisean agus glór an chaointe ina ceann “sé Dia atá go maith domsa nuair a chuir sé a léithéid seo d’adh romham. Fanóchaidh mé libh cinnte agus béidh mé ‘mo mhac comh dílis duthrachtach agus tóg athair ariamh”.
    Ma bhí luthghair ar an stócach fá seo bhí a chúig oiread subhailce lé h-aithne ar a cómrádaidhe. Codhluigh siad fá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall