Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lanamhain ann aon uair amháin, is bhí mac acu d’arbh ‘ainm Larraí. Bhí sé iongantach fallsa, agus thug siad ainm eile air. Laraí na Luatha. Dubhairt siad leis da gceannochadh siad péire úr bróg dó an rachadh sé agus as a deánamh do fhéin. Ghlach sé ar a bhfocal iad agus d’imthigh sé.
Ní theachaidh sé a bhfad gur casadh gadhaidhe do a bhí ag goid caorach. Scannruigh an gadaidhe roimhe, agus sgannruigh seisean roimhe an ghadaidhe. Ach fá dheireadh bhuail an bheirt ‘un comhraidh agus d’innis sé do’n ghadaidhe ca rabh a thriall. Dubhairt an gadaidhe, go rabh a mhac-a shamhail a dioghbhail air san. D’imthigh an bheirt go bhaile an ghadaidhe agus ar a mbealach na bhaile, dubhairt Laraí gur sin an obair a d’foireadh do-san, ach nach rabh dúil ar bith aige in- obair.
Nuair a bhí sé tamhall ag an ghadaidhe, lá amháin tháinig fear chuca a d’iarraidh caora, agus ba é an fear é mac an Tighearna. Bhí a deirbhshuir le pósadh an lá seo agus (la) ba maith leis an gadaidhe an caora a bfearr a bhí aige a thabhairt do. D’ imthigh sé agus an caora a b’fearr a bhí ag an ghadaidhe leis. Nuair a d’imthigh sé, dubhairt an ghadaidhe le Laraí go dtabhairfeadh sé cead punta do da mbainfeadh sé an caora de’n fhear.
“Dubhairt Laraí go rabh eagla air go sorochadh sin air. Ach ce bith ar seisean fiachaidh mé leis. D’imthigh sé.
Bhí coillidh mhór ag an fhear seo le dul fríd(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padaí Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall