Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht an fear a fuair sé ‘na sheasamh eadar dhá bhinn agus é marbh tráthnóna agus go rabh oiread gainimh ‘na mhulach is nach dtiocfadh aithe acht gur toirt a bhí ann. Bhuail an eagla é nuair a chonnaic sé an buachaill a bhí ‘na sheasamh ag na thaoibh. Bhí an cú ‘na luighe taobh thiar dó agus ba é seo an rud a dubhairt sé:-
“A choileáin uaisle cuimhrighe m’anam ort”.
Le sin fhéin d’éirigh an cú dá leimh ‘na seasamh agus rinne ar an fhear a bhí ‘na sheasamh ag an teinidh. Thúsuigh an troid, a’s an troid, agus ins an deireadh chur an cú amach an fear ar an doras. Bhí léana beag deas anonn o’n doras. Nuair a fuair an fear amuigh ar an léana iad; d’éirigh an fear as dhruid amach an doras ‘na ndiaidh. Chuaidh sé isteach agus luighe arais a’s chuir an t-éadach thart fa na cheann.
Comh luath a’s tháinic bánughadh an lae: d’éirigh an fear arais, agus chuaidh amach a dh’amharc goidé mar d’éirigh leis an chú. Chonnaic sé sin - a chú bréagh ‘na luighe marbh ar an léana agus a cuid fola comh fuar le bior éireógaighe ar an fhéar ag na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Gríanna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall