Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Tá mise ag ‘ul i gcionn an t-siubhail ar bhéal maidne” ars an mac.
“Bhal ar ndóigh ní’l a’n duine a dá chongbhail” ars’ an t-athair.
Tháinic maidean lá thar na bhárach. D’éirigh an mac, agus rinne réidh fá choinne an t-siubhail. Chuaidh an t-athair amach ‘un na stábla, agus thug aníos páire beathach ‘fhad le doras an toigh mhóir. D’imthigh sé annsin agus fuair sé mála coirce, agus tiomáinaidh dó. Tháinic sé isteach.
“Anois a mhic” ar seisean; “sin amuigh péire beathach agat, agus mála coirce agus tiomáinaidh agus tá dúil agam go mbéidh an t-ádh ort, nó tá bealach aimhréidheach agat lem siubhal”.
Chuaidh an mac amach - thóg sé mála ‘n choirce, agus d’fhág sé thuas air dhruim an bheathaigh é ‘gus léimh a mhaircidheacht é fhéin. Chuaidh an tiománaidhe ar an darna beathach, ‘gus d’imthigh an bheirt. Chuaidh an t-athair amach ‘fhad le toin an toighe, ‘gus sheasaidh sé a dh’amharc ‘na ndiaidh. Bhuail cúmhaidh é. Dár leis fhéin anois gur bé sin an t-amharc deireannach aige air. Bhí sé ag déanadh go rabh an bhean ró-fhada ar shiubhal, agus ró-dhoiligh le fagháil le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall