Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é a theacht slán arais. Bhí siad ag imtheacht leo go dtí go dteachaidh siad amach as amharc.
Thug siad a n-aghaidh ar Bhaile-átha-Cliath. Nuair a bhí giota maith siubhalta acú, casadh tórramh ortha. Dár leo nach rabh sé deas acú na beathaidhigh a thiomáint fríd sgaifte na ndaoiní. Shiubhal siad leo ar a suaimhneas i ndiaidh an tórraimh. Níor bhfada go dtáinic siad ‘fhad leis an roilig. Bhí an roilig go díreach ar thaoibh an bhealaigh mhóir. Dár le mac an ríogh nach rabh sé ceart acú a dhul thart gan paidir a chur leis an mharbhánach. Isteach le lucht an tórraimh, agus isteach leis an dá mharcach le paidir a chur leis an t-é a bhí ar lár. Nuair a leigeadh síos an chómhnair ag taoibh na h-uaighe; sgairt beirt fhear amach go rabh an oiread seo fiacha acú ar an fhear seo a bhí ‘na luighe. Níor dhadaidh beirt go dtí gur thoisigh sgaifte acú a rádh as béal a chéile “Tá an oiread seo agam-sa air! tá an oiread seo agam-sa air”.
Goidé a rinne mac Ríogh na h-Éireann acht a láimh a chur ‘na phoca, agus a chuid fhéin a thabhairt dé gach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall