Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 379

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 379

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 379
  3. XML “Eachtra Chlann Rí na hIoruaidhe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Eachtra chlann ríogh na hioruaidhe.
    Bhí rí a’n uair amháin ‘san Ioruaidh, agus bhí triúr mac aige. Ba é an t-ainm a bhí orthú Cod, Cead, agus Míchead.
    D’éirigh siad lá amháin amach ins an Ioruaidh a sheilg agus tháinic teas mór orthú. Bhí siad a chois na fairrge agus b’éigean dóbhtha éirigh suas ar an chnoc a bhí os gcionn le teas. Thúsuigh siad a chainnt air Éirinn. Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go h-Éirinn [Iiel]? an tír sin a bhainnt amach agus a rionnt ‘na trí rannaibh. I lár an chomhráidhe ‘tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt á’n fhairrge isteach ‘na trí crainn thárnochta.
    “Anois” arsa Cod leis an bheirt éile “gabhaidh ibhse chun na bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar maidin lá thar n-a bhárach arais; agus fuireochaidh mise annseo go bhfeicidh mé goidé an soitheach í sin.”
    Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag tarraingt air í; agus goidé a bhí ann acht curach agus bean uasal óg ‘na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnsias Óg Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall