Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eachtra chlann ríogh na hioruaidhe.Bhí rí a’n uair amháin ‘san Ioruaidh, agus bhí triúr mac aige. Ba é an t-ainm a bhí orthú Cod, Cead, agus Míchead.
D’éirigh siad lá amháin amach ins an Ioruaidh a sheilg agus tháinic teas mór orthú. Bhí siad a chois na fairrge agus b’éigean dóbhtha éirigh suas ar an chnoc a bhí os gcionn le teas. Thúsuigh siad a chainnt air Éirinn. Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go h-Éirinn [Iiel]? an tír sin a bhainnt amach agus a rionnt ‘na trí rannaibh. I lár an chomhráidhe ‘tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt á’n fhairrge isteach ‘na trí crainn thárnochta.
“Anois” arsa Cod leis an bheirt éile “gabhaidh ibhse chun na bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar maidin lá thar n-a bhárach arais; agus fuireochaidh mise annseo go bhfeicidh mé goidé an soitheach í sin.”
Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag tarraingt air í; agus goidé a bhí ann acht curach agus bean uasal óg ‘na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall