Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 382](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1062%2FCBES_1062_382.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 382
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Maise a athair” ar seisean, “nuair a chluinfeas na righte ar gach taoibh duit gur chuir tú amach dó chabhlach chun na fairrge, ní’l ‘fhíos acú cé’n ríoghacht a bhfuil tú ag ‘ul a throid léithe: rachaidh mé fhéin agus mo bheirt dearbhráthreacha amach le nár soitheach fhéin agus rachamuid ar a lorg an bealach a dteachaidh sí.”
Ar maidin lá thar na bhárach rinne siad réidh. Ghléas siad suas a soitheach fhéin. Chuir siad lón sheacht mbliadhan isteach innti. Thug siad a tús dó mhuir agus a deireadh dó thír. Thóg siad a cuid seolta.
Go bocaidheach go bocaidheach,
Go bárr na gcrann coimheádach,
Go rabh siad ag éisteacht,
Le lupadáin is le lupadáin,
Le seitreach rónta,
Le géimneach peistí móra,
Le glór na bhfaoileán bhfionn,
Go dteachaidh siad amach glan as amharc ar an chasán a dteachaidh sise roimhe sin-go dteachaidh siad amach as amharc talaimh agus áite.
Bhí seolteoracht shé seachtmhainí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall